Oibríonn Iarnród Éireann/Irish Rail seirbhísí idirchathrach ar fud líonra iompair phoiblí TFI agus, chomh maith leis sin, oibrítear seirbhísí cathrach agus comaitéireachta i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh.

Déan sábháil airgid ar do chostais taistil ar Iarnród Éireann/Irish Rail trí úsáid a bhaint as Cárta Leap TFI ar féidir é a úsáid sna suíomhanna seo a leanas:

  • Gach stáisiún de chuid ‘chrios gearrthurais’ Bhaile Átha Cliath
  • Ó Chill Chomhghaill go Baile Brigín
  • Stáisiúin chomaitéireachta ó Lár Chathair Bhaile Átha Cliath go Cill Choca
  • Ó Stáisiún Heuston i mBaile Átha Cliath go dtí na Solláin agus an Nás.
  • Ó Chorcaigh go dtí an Cóbh/Mainistir na Corann.

Is féidir le sealbhóirí Chárta Leap TFI leas a bhaint as lascainí, lena n-áirítear teorannú táillí agus lascaine Leap 90.

Le linn do thuras le hIarnród Éireann/Irish Rail a phleanáil, is féidir leat breathnú ar bhealach do thurais ar ár léarscáil idirghníomhach.