Príomhghnéithe

  • Féach ar iarmhéid reatha do Chárta Leap TFI.
  • Cuir breis airgid isteach láithreach trí úsáid a bhaint as an diail chun luach breisithe a roghnú nó tapáil chun an méid is mian leat féin a chur leis.
  • Ceannaigh ticéid réamh-íoctha (mar shampla Rambler Bus Átha Cliath agus ticéid Chriosacha) agus lódáil ar do Chárta Leap TFI iad ar an toirt.
  • Bailigh ticéid réamh-íoctha e.g. ticéid TaxSaver Bus Éireann nó ticéid a ceannaíodh ar líne ó láithreán gréasáin Chárta Leap TFI.
  • Breathnaigh ar an 5 idirbheart is déanaí a rinne tú.
  • Breathnaigh ar chomh gar is atá tú don teorainn laethúil/sheachtainiúil atá socraithe agat.
  • Faigh fáltais ar ríomhphost do bhreisithe nó ceannacháin a dhéantar tríd an aip.
  • Sábháil do chuid sonraí íocaíochta.
  • Breathnaigh ar an eolas atá ar do chárta ar an bpointe.
  • Breathnaigh ar eolas maidir le ticéid atá ar do Chárta Leap TFI.

Aip saor in aisce le haghaidh fón Android atá cumasaithe do NFC (cumarsáid neasréimse) is ea Aip Breisiú Leap TFI. Cuireann sé ar do chumas breisiú a chur le do Chárta Leap TFI ar an toirt, d’iarmhéid a sheiceáil, ticéid a bhailiú agus breathnú ar chomh gar is atá tú do do theorainn laethúil agus sheachtainiúil a bhaint amach.

I ndiaidh í a íoslódáil, níl ort ach do Chárta Leap TFI a choinneáil le cúl d’fhón cliste Android atá cumasaithe do NFC chun breisiú láithreach a chur le do Chárta Leap TFI, cárta réamh-íoctha a bhailiú nó a cheannach, agus d’iarmhéid a sheiceáil.

Má dhéanann tú go leor taistil i rith an lae nó i rith na seachtaine, cuirfidh Leap TFI teorainn leis an bpraghas go huathoibríoch chun cuidiú leat airgead a shábháil. Nuair a bhainfidh tú an teorainn amach féadfaidh tú tadhall air nó as mar is gnáth agus ní chuirfear aon táillí breise ar do chárta. As seo amach beidh tú in ann breathnú ar chomh gar is atá tú do do theorainn laethúil agus sheachtainiúil a bhaint amach ar an Aip Breisiú Leap TFI, an t-aon áit is féidir leat an t-eolas sin a fháil.

Trí rogha a dhéanamh breisiú láithreach a chur tríd an aip, cuirtear bealach sciobtha agus éasca ar fáil lena chinntiú go bhfuil do dhóthain Creidmheasa Taistil agat don tseachtain atá romhat. Níl ort ach an cárta a d’úsáid chun é a íoc a shábháil ar d’aip, bain úsáid as an diail chun an méid is mian leat a roghnú don bhreisiú nó cuir isteach an méid is mian leat, agus cuir isteach do phaschód ceithre uimhir.

Faoi láthair níl an Aip Breisiú Leap TFI ar fáil ach ar Android amháin. Ó mhí Dheireadh Fómhair 2019, agus fáil anois ar iOS 13, tá cead tugtha ag Apple anois clibeanna NFC a scríobh le haipeanna 3ú páirtí, do iPhone 7 agus do ghairis a tháinig ina dhiaidh sin. Faoi láthair táimid ag oibriú ar an leagan IOS don aip Breisiú Leap agus tá súil againn go mbeidh tuilleadh eolais againn do chustaiméirí Leap TFI sna míonna amach romhainn.

Tá tuilleadh eolais faoi Aip Breisiú Leap TFI ar fáil ar láithreán gréasáin Chárta Leap TFI.